Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’imigh sé go Meiriceá, go Nua Eabhrac. Bhí col ceathrar agus a dheirfiúr leis go Leitir Ceanainn agus ansin chaith sé seachtain i mBaile Átha Cliath ag fáil scrúdú sláinte lena víosa a fháil. Fuair sé eitilt as sin go Meiriceá. Sin 1957. Bhuail a uncail leis nuair a shroich sé Nua Eabhrac. Fuair Danny post ag obair in siopa éadaí agus chaith sé cúpla bliain ag obair ansin. Ina dhiaidh sin fuair sé post in otharlann agus Éireannaigh uilig a bhí ag obair ina chuideachta. Bhí sé ag obair mar theiripeoir ceirde. Ina dhiaidh sin d’obair sé ina fhear cothabhála agus chaith sé blianta ag obair ansin. | 00:04:12 | |
Ansin bhog sé suas go Boston agus bhí feirm 6 acra ansin aige. Bhí sé fós ag obair mar fhear cothabhála, fuair sé aistriú ina jab. | 00:01:21 | |
Tháinig sé féin agus a bhean na bhaile ar thuras ach ní raibh mórán dúil aige ann ar dtús. Bhí athrach mhór ar an áit. Níor labhair Danny Gaeilge ar bith ó d’imigh sé anonn go Meiriceá agus b’éigean do í a phiocadh suas arís. Ach nuair a chuaigh sé ar ais go Meiriceá, bhí cumha air i ndiaidh an bhaile agus bhí áit geallta ag a aintín do. Phill sé na bhaile ansin agus thóg se teach i gCluain tSalach ag taobh an tí inár tógadh é. | 00:03:49 | |
Ag pilleadh na bhaile ar saoire ar dtús agus ansin le fanacht.
Athrach mór le feiceáil sa bhaile leis na tithe uilig atá tógtha anois, tá an áit millte. Níl tithe ceann tuí ar bith ann. | 00:03:16 | |